Tugann an Dr Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil, chomh maith le foinsí cartlainne agus meán, tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil, go minic d'ainneoin fórsaí stáit, coilíneacha agus nualiobrálacha. Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre. Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn, í ag dul i léig, faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. In "Cath idir an pobal agus an Murder Machine": Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú. Baintear leas as breis agus caoga agallamh le gníomhairí agus oideachasóirí, mar aon le nuachtáin na linne agus cáipéisí stáit, chun forbairt na gluaiseachta a chíoradh. Anailís ghéarchúiseach atá sa leabhar, trí lionsaí an díchoilínithe agus aicme, ar ghluaiseacht fhorásach arbh éigean di dul in adharca le córais chaipitleacha agus choilíneacha an dá stát, nó an murder machine, chun a spriocanna a bhaint amach. Déanann an saothar ceannródaíoch seo, an chéad fhoilseachán de Bhradán Feasa, inphrionta de Iskra Books, an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é, ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos. Is acmhainn ríthábhachtach é an leabhar seo do scoláirí staire, teangeolaíochta agus oideachais, agus d'éinne atá tiomanta do thodhchaí bheo a thógáil don Ghaeilge.
Die Inhaltsangabe kann sich auf eine andere Ausgabe dieses Titels beziehen.
Anbieter: Better World Books Ltd, Dunfermline, Vereinigtes Königreich
Zustand: Very Good. Former library copy. Pages intact with possible writing/highlighting. Binding strong with minor wear. Dust jackets/supplements may not be included. Includes library markings. Stock photo provided. Product includes identifying sticker. Better World Books: Buy Books. Do Good. Artikel-Nr. 68615782-20
Anzahl: 1 verfügbar
Anbieter: PBShop.store US, Wood Dale, IL, USA
HRD. Zustand: New. New Book. Shipped from UK. Established seller since 2000. Artikel-Nr. L2-9798349328626
Anzahl: Mehr als 20 verfügbar
Anbieter: PBShop.store UK, Fairford, GLOS, Vereinigtes Königreich
HRD. Zustand: New. New Book. Shipped from UK. Established seller since 2000. Artikel-Nr. L2-9798349328626
Anzahl: Mehr als 20 verfügbar