Oileán an Órchiste - Hardcover

Robert Louis Stevenson

 
9781911363019: Oileán an Órchiste

Inhaltsangabe

Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver. Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta - i bpearsa Long John Silver - rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg. Tá sé ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d'órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d'oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige. San aistriúchán breá seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal seo a scríobhadh in 1883 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth.

Die Inhaltsangabe kann sich auf eine andere Ausgabe dieses Titels beziehen.

Weitere beliebte Ausgaben desselben Titels

9781911363064: Oileán an Órchiste

Vorgestellte Ausgabe

ISBN 10:  1911363069 ISBN 13:  9781911363064
Verlag: Leabhar Breac, 2016
Softcover